An bhfuil mé i mbaol tuile?
Cén tionchar a bheidh ag an tuile orm?
- Conas a thagann uisce isteach sa teach?
- Cén tionchar a bheidh ar mo chuid mhaoine agus mo
- Cén tionchar a bheidh ag an tuile orm?
Beidh tionchar airgeadais agus maoithneach ag tuile ort féin agus ar do chlann. Níl ach cuid de chostas na tuile i gceist i ndamáiste dod' mhaoin. D'fhéadfadh deisiúcháin, athchóiriú agus glanadh suas, chomh maith le lóistín sealadach dod' theaghlach fad is atá an obair á dhéanamh, an costas a ardú. D'fhéadfadh an tréimhse i ndiaidh tuile a bheith mar am struis de réir mar a fheiceann tú méid an damáiste agus go bhfuil earraí pearsanta caillte, chomh maith le bheith ag iarraidh oibrithe a eagrú chun an áit a dheisiú agus a ghlanadh suas.

