An bhfuil mé i mbaol tuile?
Cén tionchar a bheidh ar mo chuid mhaoine agus mo ghiuirléidí?
- Conas a thagann uisce isteach sa teach?
- Cén tionchar a bheidh ar mo chuid mhaoine agus mo
- Cén tionchar a bheidh ag an tuile orm?
Is féidir le huisce tuile damáiste olc a dhéanamh dod' mhaoin agus dod' ghiuirléidí. Chomh maith leis an riosca do mhíreanna a bheadh damáiste déanta dóibh, mar shampla, dá dtitfeadh siad isteach san fholcadán (earraí leictreacha), de ghnáth bíonn uisce tuile an-salach agus d'fhéadfadh sé a bheith truaillithe le séarachas agus glár a dhéanfadh a thuilleadh damáiste. Má thagann an t-uisce tuile ón bhfarraige nó ó inbhear taoide, d'fhéadfadh an salann damáiste doleasaithe a dhéanamh d'aon mhiotal sa teach.
Míreanna sa bhaol is mó ná:
- Troscán.
- Críoch ar bhallaí
- Adhmad.
- Feisteas agus daingneáin.
- Earraí leictreacha.
- Trealamh MCF nó slischláir.
- Críoch ar urláir.
- Ciorcaid leictreacha.
Tá míreanna pearsanta i mbaol chomh maith ar nós grianghraif, saothair ealaíne agus páipéarachas a bheadh sé deacair nó dodhéanta iad a chóiriú/fháil arís. I ndroch -chásanna is féidir le tuile neart mhaoine a laghdú agus d'fhéadfadh an foirgneamh titim mar thoradh, go háirithe in uisce fíor-dhomhain nó atá ag sreabhadh go tapa.
Bíonn leibhéal an damáiste a dhéanann tuile éagsúil ag braith ar dhoimhneacht an uisce agus an fad a leanann an tuile. Dé ghnáth is airde a bhíonn leibhéal an uisce is mó an damáiste a dhéantar. Nuair a théann an t-uisce níos airde ná leibhéal an urláir téann sé i dteagmháil le troscáin agus feisteas istigh sa teach, ag déanamh damáiste dóibh.

