An bhfuil mé i mbaol tuille?
Conas a thagann uisce isteach sa teach?
- Conas a thagann uisce isteach sa teach?
- Cén tionchar a bheidh ar mo chuid mhaoine agus mo
- Cén tionchar a bheidh ag an tuile orm?
Tá a lán slite ar féidir le huisce tuile teacht isteach i do theach. San áireamh mar bhealaí isteach tá ballaí, doirse, fuinneoga, urláir, seirbhísí agus díoga.
Os talamh
Is féidir le huisce tuile teacht isteach i do theach os talamh sna slite seo a leanas:
- Trí dhoirse agus fhuinneoga (fiú má tá siad dúnta!).
- Trí aerbhricí agus oscailtí aerála eile.
- Trí bhearnaí eile agus timpeall ar phíopaí agus cháblaí a théann trí bhallí.
- Trí idirbhallaí má tá tuile sa mhaoin bhéal dorais.
- Trí scoilteanna sa brící.
- Trí obair bhrící, bloic, cloch agus móirtéal tréscaoilteach, síonchaite nó damáisteach.
- Ag an gcúrsa taisdíonach.
Faoin talamh
Is féidir le huisce tuile bogadh faoin talamh sular féidir é a
fheiceáil ar an dromchla. Is féidir le huisce tuile teacht isteach i do
theach faoin talamh sna slite seo a leanas:
- Teacht aníos trí urláir (nó trí bhallaí an tsiléir nó an íoslaigh) in áiteanna ina bhfuil an talamh déanta d'ábhar scagach, ar nós cailc, graibhéal nó gaineamh.
- Trí trinsí draenála i dtalamh neamhscagach.
- Trí dhíoga agus phíopaí ag dul isteach sa teach:
- Leithris
- Doirtil.
- Folcadáin.
- Innill níocháin.
- Miasniteoirí.

