Conas ar féidir liom cosaint i gcoinne tuilte?
Céard iad boird thuile?
- Cad faoi málaí gainimh?
- Céard iad boird thuile?
- Conas a oibríonn clídaigh?
- Táirgí Cosanta Tuile
Is éard atá i gcláir tuile (nó bacainní tuile) bacainní inaistrithe ar féidir iad a chur trasna ar oscailtí, cosúil le doirse, má tharlaíonn tuile. Tá roinnt táirgí ann atá deartha go speisialta ar fáil ar bhonn tráchtála agus ar féidir iad a cheannach agus a fheistiú. Má cheannaíonn tú cláir tuile, ba cheart duit táirge a bhfuil marc dearbhaithe cáilíochta air a cheannach (cosúil leis an 'kite' mark).
D'fhéadfadh tú do chláir tuile féin a dhéanamh dá mba mhian leat.
Is é an bealach is éasca le cláir tuile a dhéanamh bacainn adhmaid nó miotail a dhéanamh, bacainn atá daingnithe go cothrom in aghaidh balla, doras nó i bhfoirm fráma a théann thar gheataí nó conairí. Cabhróidh brú an uisce tuile leis an mbacainn a shéalú. Beidh éifeachtacht na gclár ag brath ar láidreacht na mballaí agus marthanacht feistí an fhráma. Is é an clár tuile is coitianta atá ann clár ar féidir é a chur síos i bhfráma, mar gur furasta é seo a thógáil as an mbealach nuair nach mbíonn sé ag teastáil. Ach is féidir clár tuile ar a mbíonn inse a dhéanamh freisin; clár ar féidir é a dhúnadh thar bhearnaí éagsúla.
