Conas ar féidir liom cosaint i gcoinne tuilte?
Conas a oibríonn clídaigh?
- Cad faoi málaí gainimh?
- Céard iad boird thuile?
- Conas a oibríonn clídaigh?
- Táirgí Cosanta Tuile
Is ard-mhodh é clúdaigh de thionchar uisce tuile a laghdú tríd an 600 - 900 mm (2-3 troig) ag bun na maoine a chlúdach le leatháin phlaisteacha.
Caithfear trinse a thochailt mar chuid den phróiseas seo os comhair an balla a theastaíonn uait a chosaint. Ceanglaítear na leatháin phlaisteacha leis an mballa os cionn airde ionchais an uisce tuile. Ritear síos an balla é agus cuirtear thar gháitéar ag an bun é, roimh é a rith tríd an trinse agus é a shocrú ar an taobh eile le méachain nó málaí gainimh. Bíonn cumas réasúnta DIY ag teastáil chun foirgneamh a chlúdach agus caithfear tosú i bhfad sula dtagann aon uisce tuile mar tógann sé roinnt ama é a dhéanamh. De rogha ar sin tá táirgí ar féidir a cheannach agus a fheistiú ar do mhaoin.
*Rabhadh!*
I gcás tuile mhór (nuair a ardaíonn uisce tuile thar 1 méadar)
d'fhéadfá níos mó dochair a dhéanamh trí uisce a choinneáil amach as an
maoin ná é a ligean isteach. D'fhéadfadh an strus ar an bhfoirgneamh ón
méid sin uisce damáiste a dhéanamh do struchtúr agus dhúshraitheanna an
fhoirgnimh. Mar sin ní chóir doirse, fuinneoga ná poill aeir níos airde
ná 1 méadar a bhlocáil.
Faigh amach cén saghas ithir ar a bhfuil do theach tógtha. Má tá sé scagach (m.sh. cailc) ansin d'fhéadfadh uisce tuile teacht aníos tríd an talamh go héasca. Sa chás seo tá sé níos fearr am a chaitheamh ag baint amach earraí luachmhara agus iad a chur thuas staighre seachas do theach a chlúdach ná boird thuile a shocrú.

