Conas ar féidir liom cosaint i gcoinne tuilte?
Táirgí Cosanta Tuile
- Cad faoi málaí gainimh?
- Céard iad boird thuile?
- Conas a oibríonn clídaigh?
- Táirgí Cosanta Tuile
Rabhadh!
I gcásanna de
dhrochthuilteach (áit an-ardaíonn an t-uisce tuile os cionn
méadaramháin) dfhéadfadh sé a bheith níos contúirtí uisce a choinneáil
amach as dáitreabh ná é a ligean isteach. Cuireann an méid sin uisce
brú ar an bhfoirgneamh agus go deimhin dfhéadfadh sé damáiste a
dhéanamh do struchtúr nó do bhunsraith an fhoirgnimh. Dá bhrí sin, níor
cheart duit bacainn a chur ar dhoirse, fuinneoga nó poill aeir atá os
cionn méadar ar airde.

Má tá imní ort faoi obair ar bith atá beartaithe agat, le do thoil déan teagmháil leis an Oifi geach Rialaithe Foirgnimh i dúdarás áitiúil.

Is féidir leo comhairle agus treoir a thabhairt le cinntiú go bhfuil obair ar bith atá beartaithe agat ag comhlíonadh leis na rialacháin foirgníochta.
Chun uimhir theileafóin dúdarás áitiúil a fháil féach ar an láithreán gréasáin www.environ.ie

Is féidir táirgí cosanta tuile réamhdhéanta a cheannach ó chuideachtaí éagsúla.
Geataí Tuile
Téann siad seo os comhair bealaí iontrála cosúil le cabhsaí agus
doirse, chun stop a chur le huisce tuile teacht isteach ar dáitreabh.
Málaí Tuile
Is féidir na
málaí seo a úsáid in ionad málaí gainimh. Ionsúnn siad an t-uisce tuile
agus ansin foirmíonn siad bacainn a chuireann stop leis an t-uisce dul
níos faide.
Bacainní
Is féidir bacainní
ar chruthanna agus méideanna éagsúla a fháil, agus is féidir iad a
úsáid le bac a chur ar uisce tuile teacht isteach ar dáitreabh.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na táirgí seo nó a fháil amach céard iad na táirgí a bheidh feiliúnach do do theach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na cuideachtaí seo a leanas:
| Floodgate Ireland | 061 335492 | www.floodgateireland.com |
| Mescal & Associates | 021 4314388 | www.mescal.ie |
| JFC Manufacturing Ltd | 093 24066 | www.jfc.ie |
| Lining Services Ltd | 051 294090 | www.liningservices.com |
| Flood Barrier Systems | 01 6202030 | www.floodguards.ie |
| GEO Solutions Ltd | 059 9720687 | email:info@tbmgesolutions.com |
| Independent Flood Defence Products | 0044 1 953861192 | www.ifdp.co.uk |
| Flodef Ltd | 0044 1 792881741 | www.flodef.com |
| Flood Control Ltd | 0044 1 822832385 | www.floodcontrol.co.uk |
| Aqualite | 0044 1 608641195 | www.aquatitesystems.com |

