Tuilte agus feirmeoireacht
Cad ba chóir a dhéanamh má bhíonn tuile ann
- Déan innealra, beathú, gráin, lotnaidicídí agus luibhicídí d'áit
níos airde. Má dá scioból dhá-urláir agat, is áis stórála mhaith é an
leibhéal uachtarach.
- Oscail geataí i dtreo is go mbeidh beostoc in ann ealú ó uisce ard.
-
Má bhíonn an t-uisce ag ardú, déan iarracht ar na hainmhithe a chasadh
tríd uisce atá soar ó bhaic. Is snámhóirí maithe iad ainmhithe
féaraigh, ach is iad claíocha agus baic eile na fadhbanna is mó a
bhíonn acu. Tá snámh fada trí uisce ciúin níos sábháilte ná snámh gearr
trí sruth gasta.
- Fág doirse agus fuinneoga
san fhoirgneamh oscailte 50mm (2 orlach) ar a laghad chun brú a ionannú
agus cosc a chur le foirgneamh ag bogadh.
- Más féidir, déan mótair agus trealamh leictreach soghluaiste a bhogadh go háit tirim.
-
Déan lomáin, spreotaí, píopaí uiscithe, umair bhreosla agus trealamh
agus ábhair scaoilte eile a cheangail síos. Tá coimeád táinisteach mar
rogha eile d'umair bhreosla, chomh maith le stóráil lotnaidicídí.
-
Chun uisce dromchla a choimeád as do thobar, bain úsáid as ábhair ar
nós plaisteach trom agus téip dhuchta chun an barr agus caidhp an
tobair a shéalú.
Fíricí faoi thuilte
Gluaiseann uiscí tapa a dhóthain chun bulláin a bhogadh, crainn a stoitheadh agus droichid a leagadh, próiseas a ghlaoitear sciúradh air.