Tuile agus gnó
Cad ba chóir a dhéanamh má bhíonn tuile ann
- Cad ba chóir a dhéanamh má bhíonn tuile ann
- Cad ba chóir a dhéanamh i ndiaidh tuile
Le linn tuile
- Seachain tomáint nó siúil trí uisce tuile - is iad seo na príomhchúiseanna báis le linn tuilte. D'fhéadfadh uisce tuile a bheith níos doimhne nó ag sreabhadh níos tapúla ná mar a cheapann tú agus d'fhéadfadh grágáin agus treascarnach a bheith i bhfolach ann. Tá sé dainseárach droichid faoi thuile a thrasnú agus ní chóir a leithéid a thriall
- Bí ag éisteach le stáisiún raidió áitiúil chun a thuilleadh eolais agus comhairle a fháil
- Coimeád i dteagmháil le háitreamh ghnóthaí comharsanacha
- Bí ullamh chun aslonnú má mholtar é
- Múch an leictreachas, an gás agus an t-uisce agus tú ag imeacht
Nuair atá aslonnú á dhéanamh
Bí ullamh le himeacht go tapa i ndiaidh duit comhairle a fháil faoi tuile. Caithfidh tú imeacht i bhfad sula mbíonn na bóithre go talamh ard dúnta ag uisce tuile. Má fhanann tú beidh tú i mbaol a bheith i nglas uisce lán de threascarnach atá ag sreabhadh go tapa.

