I ndiaidh tuille
- Ag Tosú
- Loss assessing ga
- Ag glanadh suas do theach
- Triomú amach
- Deisiúcháin
- Seirbhísí a Aisiriú
- Sa ghairdín
Cad a bheidh ag teastáil uait.
Sula dtosaíonn tú ag
glanadh suas do thí déan cinnte go bhfuil an trealamh atá uait agat.
Bheadh siad seo a leanas san áireamh:
- Ceamara chun damáiste na tuile a thaifeadadh.
- Trealamh bunúsach uirlisí le casúr, tairní, scriúire agus castairí.
- Scruaba, mapaí, scuaba sciúrtha agus buicéid.
- Glantóir agus dífhabhtóir baile.
- Buataisí agus lámhainní rubair, agus éadach cosanta.
- Sluaistí.
- Téitheoirí, feananna agus díthaisirí má tá siad ar fáil.
- Málaí láidre bruscair.
Bain amach uisce atá ina luí sa teach.
- B'fhéidir go gcuirfeadh an tseirbhís dóiteáin seirbhís phumpála ar fáil ach táille a íoc, nó d'fhéadfá pumpa a fháil ar cíos ó shiopa crua-earraí. Nó d'fhéadfá comhlacht speisialach damáiste uisce a fháil chun an t-uisce a phumpáil amach duit.
- Déan an t-uisce a thaoscadh amach de réir a chéile ionas nach mbeidh fadhbanna agat le brú an uisce ar struchtúr an tí. Moltar timpeall aon trian den uisce a bhaint amach in aghaidh an lae.
- Ná téidh an teach thar 4°C go dtí go mbíonn an t-uisce uile atá ina luí ann bainte amach.
Láib a bhaint amach.
- Glan an oiread láibe agus is féidir amach le sluasaid agus úsáid píobán uisce chun an chuid eile a ghlanadh amach.
- Má bhíonn láib ar an taobh istigh agus lasmuigh de na ballaí, bain amach de réir a chéile é ionas go bhfanann an t-ualú cothrom.
- Ní chóir píobán ardbhrú a úsáid chun láib a bhaint amach as do theach.
Glanadh agus dífhabhtú
- Déan dromchlaí a sciúradh le huisce te gallúnaigh agus glantóir dian. Ná déan dearmad ar na háiteanna atá deacair teacht orthu, ar nós faoi aonaid sa chistin.
- Ba chóir nithe ar nós bogthroscán, éadaí agus earraí bia a bhí i dteangmháil le huisce tuile a chur i málaí bruscair atá ceangailte go dlúth agus iad a dhiúscairt.
- Is dócha go mbeidh tú in ann scipe a fháil ar cíos chun déileáil leis an mbruscar go léir ón teach. Má tá éileamh árachais á dhéanamh agat, ná caith aon rud amach go dtí go ndeireann an comhlacht árachais leat é.
- Caithfear gach dromchla ullmhúcháin bia a ghlanadh agus a dhífhabhtú go hiomlán.
- Lig do gach dromchla atá glanta triomú go hiomlán mar go mbíonn rath ar fhrídíní i gcoinníollacha taise.

