
Cad ba chóir a dhéanamh má bhíonn tuile ann?
Truailliú
- Sábháilteacht ar dtús le linn tuile
- Truailliú
Beidh uisce tuile truaillithe go minic, de ghnáth trí chamras neamh-chóireáilte, ceimeacháin doirte nó ainmhithe marbha.
- Caith éadaí cosantacha nuair a bhíonn tú ag obair in uisce tuile, nó timpeall air.
- Déan aon chlaiseanna a nígh agus a chlúdach le plástair uiscedhíonacha.
- Má bhíonn tú gonta le linn tuile ba chóir duit dul chuig an ndochtúir chun instealladh teiteanais a fháil.
- Ba chóir leanaí óga, mná torracha, seandaoine agus daoine le deacrachtaí gluaisteachta nó fadhbanna sláinte eile a choimeád amach ó uisce tuile.
- Mura bhraitheann tú ró mhaith ag am ar bith nó má ionghabhann tú uisce tuile ba chóir dul i dteagmháil le dochtúir.
