Pleanáil
Riosca tuile agus forbairt
- Treoirlínte pleanála d'údaráis áitiúla
- Riosca tuile agus forbairt
Réamhrá
Ní féidir na cúiseanna
bunúsacha le tuilte, báisteach trom agus leibhéil arda farraige, a
rialú. Ach ag an am céanna is féidir méid agus déine na tuile a phlé.
Is é an factóir leis an tionchar is mó ná forbairt, go háirithe
forbairt sna tuilemhánna .i. ceantair in aice aibhneacha a mbíonn faoi
thuile de ghnáth i ndiaidh tréimhsí de bháisteach trom. Cabhróidh
taifid stairiúla a léiriú cad iad na ceantair atá i mbaol tuile, cé gur
féidir le tuilte tarlú in áiteanna nach rabhadar cheana nó nach bhfuil
aon taifid ar fáil de thuilte a bheith ann, de bharr athruithe i
gcoinníollacha thuas nó thíos sruatha nó i bhfad níos mó báistí ná an
gnáth.
Ba chóir an riosca tuile a thabhairt faoi deara i ngach cás ina bhfuiltear ag smaoineamh ar fhorbairt. Tá sé seo ar son leasa na ndaoine go bhfuil an fhorbairt á mholadh acu agus leasa an phobail i gcoitinne.
Tionchar bhaol tuile ar fhorbairt
D'fhéadfadh treorú ar damáiste maoine, strus daonna agus cruatan,
fadhbanna ag fáil árachais maoine agus éileamh iarmhartach ar an
gcaiteachas den údarás áitiúil nó acmhainní an rialtais lárnach ar
oibreacha cosanta tuile de bharr forbairt a chur i gceantar i mbaol
tuile. Beidh costais bhreise suntasacha de bharr tógála oibreacha
cosanta ag uair na forbartha, nó ag dáta níos déanaí, agus tá deis ann
nach soláthróidh sé díolúine iomlán ó bhaol tuile agus, mura bhfuil sé
deartha i gceart d'fhéadfadh tionchar aimhleasach a bheith aige ar an
riosc tuile in áiteanna eile.
Tionchar na forbartha ar an riosca tuile thuas srutha
Ní hamháin go dtuileann an abhainn ina gnáth chainéal ach in aice na
tuilemhá ag uaireanta tuile. Threoródh aon ainleog den slí srutha
nádúrtha an abhainn a 'chúlú suas' agus leibhéal tuile in aghaidh an
tsrutha a mhéadú. Dá bhrí sin is féidir an tógáil de fhoirgnimh nó
tithe, agus go háirithe mothaí le haghaidh bonneagair nó cosaint, i nó
trasna tuilemhá an forbairt féin a chur i mbaol tuile, ach is féidir an
riosca tuile do thalamh agus maoin in aghaidh an tsrutha a mhéadú chomh
maith. Tá sé fíor le rá ag baint le haon tógáil nó cúngú isteach sa
ghnáth chainéal abhann freisin.
Tionchar na forbartha ar an riosca tuile thíos srutha
D'fhéadfadh talamh nádúrtha nó talmhaíochta, mar choill, coillearnach,
foithreacha nó páirceanna bairr, roinnt mhaith de aon titim baistí a
slogadh. Laghdódh an clúdach de thalaimh dá leithéid le foirgnimh,
tarramhacadam (ar nós clóis pháirceála nó bóithre), nó aon ábhar
neamhscagach eile an cumas chun báisteach a shlogadh, agus beith rith
talaimh méadaithe dá bharr. Mhéadódh srutha abhann agus an riosca tuile
do talamh agus maoin le sruth de dheasca forbairtí móra, san áireamh
iad atá i bhfad ó aibhneacha tábhachtacha. D'fhéadfadh an tionachar
céanna a bheith ag roinnt forbairtí níos lú tógtha thar thréimhse ama
áirithe.
Tionchar bhaol tuile taoide ar fhorbairt
D'fhéadfadh tuile mhór a bheith mar thoradh ar thaoidí arda, gaotha
arda agus borradh a fhorbraíonn i gcórais íseal-bhrú. Léiríonn
réamhaisnéisí reatha d'athrú aeráidego n-ardóidh an baol de thuile ón
bhfarraige sa todhchaí. Tá aon áit taobh thíos de bhuaicphointe reatha
nó tuartha leibhéil na farraige, áiteanna taobh thiar de chosaintí
reatha nach dtugann ach leibhéal áirithe cosanta san áireamh, i mbaol
tuile sa todhchaí.
Tionchar athrú aeráide féideartha
Léiríonn réamhaisnéisí reatha d'athrú aeráide in Éirinn go n-éireoidh
na geimhrí níos fliche agus an scaipeadh báistí níos 'doineanta', agus
go n-ardóidh leibhéil na farraige. Ciallíonn sé seo go bhféadfadh
áiteanna nach mbíonn tuilte iontu faoi láthair a bheith i mbaol tuile
sa todhchaí.
Éascóidh an measúnú de riosca tuile, agus na tionchair choibhneasacha de, nó ar, fhorbairt ar fud dobharcheantair, seachas ar bhonn ceantar-ar-cheantar, forbairt inmharthana trí dhamáiste tuile sa todhchaí a laghdú, agus mar sin laghdófar na costais eacnamaíocha agus sóisialta féideartha atá léirithe thuas. Tá Pleananna Forbartha (agus cinntí Pleanála ina dhiaidh) mar an rud is tábhachtaí don chur chuige seo. Moltar mar sin go ndéanfar Ráiteas Polasaí agus Treoirlínte maidir le forbairt/riosca tuile cosúil leis na cinn sa cháipéis iniata a ionchorprú sna Pleananna Forbartha.

