
Conas ar fĂ©idir liom ullmhĂș do thuilte?
Conas a bheidh a fhios agam go bhfuil tuile ag teacht?
- Mo phlean tuile do mo theaghlaigh
- Clúdach árachais
- Comhairle do dhaoine aosta agus dóibh siúd le deac
- Cad ar féidir liom a dhéanamh le mo pheataí?
- Conas a bheidh a fhios agam go bhfuil tuile ag tea
Má tá tú i gceantar i mbaol tuile, tá roinnte slite éagsúla a bheadh a fhios agat go bhfuil deis ann go bhfuil tuile ag teacht, lena n-áirítear:
- Tuairiscí aimsire (Raidió, Teilifís, Idirlíon, Stáisiún Meitéareolaíochta Áitiúil) - D'fhéadfadh siad siúd rabhadh a thabhairt go bhfuil báisteach trom nó tuile le teacht
- Leibhéil uisce áitiúla - Féachaint an bhfuil leibhéal an uisce san abhainn, loch nó inbhear i ngar duit ag ardú nó an bhfuil tuile ag tosú iontu, ach bí cúramach gan dul isteach san uisce, mar d'fhéadfadh sé a bheith níos doimhne ná mar a gceapann tú.
- Cairt taoide - Má tá tú i do chónaí i ngar don fharraige nó d'inbhear, léireoidh táblaí taoide duit cathain a bhfuiltear ag súil le leibhéil arda fharraighe. Ardaíonn leibhéil na farraige thar an ngnáth (borradh agus tonnta arda) go minic de bharr aimsir stoirmeach agus córais íseal-bhrú le tuile mar thoradh. Is féidir réamhaisnéisí taoide d'Éireann agus don Ríocht Aontaithe do tseachtain seo chugainn a fheiceáil ag www.pol.ac.uk/ntslf/tides/
