I Meán Fómhair 2004 dhearbhaigh an Rialtas Oifig na nOibreacha Poiblí mar phríomh-ghníomhaireacht an Stáit i leith tuilte, leis an tasc de chlár comhtháite ilghruach a sheachadadh dírithe ar riosca agus tionchar thuilte sa todhchaí a mhaolú.
Is cuid nádúrtha agus dosheachanta den saol in Éirinn iad tuilte. De ghnáth bíonn meascán d'imeachtaí mar chúis le tuilte lena n-áirítear bruacha aibhneacha ag briseadh, stoirmeacha cósta nó bacanna i ndíoga draenála nó an iomad a bheith iontu. Tharla a lán tuilte móra ar fud na tíre le deich bliana anuas. Ós rud é go bhfuil tionchair thuilte chomh millteach sin tá sé tábhachtach go nglacann daoine a bhfuil a gcuid maoine i mbaol gníomh cuí chun dul i ngleic le tuilte.

Tá sé réamhghafa go forleathan go bhfuil deis go mbeidh eachtraí tuile níos minicí agus níos measa sa todhchaí de bharr athruithe i bpatrúin bháistí agus ardú i leibhéil na farraige mar thoradh ar athrú aeráide . Cé nach linn na cúiseanna aeráideacha le tuilte a chosc, is féidir linn bearta a ghlacadh le n-ullmhú dó agus chun an damáiste agus an cruatan a bheidh mar thoradh a laghdú. Chomh leis an mbaol don bheatha agus an damáiste a déantar do mhaoin, bíonn a lán tionchair eile, nach bhfuil chomh inbhraite, ag tuilte ar shaolta dhaoine. Áirítear anseo giuirléidí maoithneacha, an núis de ghlanadh suas i ndiaidh na tuile, cónaí i lóisín sealadach fad is atá an glanadh suas á dhéanamh agus imní leanúnach go dtarlóidh sé arís. Iarann an suíomh gréasáin seo ar chabhair phraiticiúil a sholáthar dóibh siúd go léir a bhfuil a mbailte nó a ngnóthaí i mbaol. Tá ábhair na leathanach seo soláthartha mar threoir eolais amháin. Tá sé mar aidhm acu rochtain phoiblí ar eolas faoi thuilte a fheabhsú. Cé go ndéanfar gach iarracht agus ábhar á ullmhú d'fhoilsiú ní ghlacann Oifig na nOibreacha Poiblí, ná aon duine ar a son, aon fhreagracht as earráidí, dearmaid ná ráitis míthreoracha ar na leathanaigh seo ná aon suíomh lena bhfuil nasc ar na leathanaigh seo.

