Cookie Settings

DO THEACH A ATHCHÓIRIÚ – SEIRBHÍSÍ

Caithfidh saineolaí seirbhísí an tí a sheiceáil sula gcastar ar siúl arís iad.
D’fhéadfadh nach mbeadh an damáiste a rinne tuile le feiceáil go héasca agus go mbeadh sé an-chontúirteach seirbhís a chur ar siúl.

Uisce

  • Níor cheart go gcuirfeadh tuile isteach ar uisce ón soláthar príomhlíonra, ach nigh na sconnaí agus cas ar siúl iad ar feadh tamaillín le cinntiú nach bhfuil aon ghlár sa chóras.
  • Má cheapann tú gur éilíodh do sholáthar uisce, téigh i dteagmháil le hUisce Éireann agus fiuch uisce ón sconna ar feadh 20 nóiméad ar a laghad sula n-úsáidtear é.
  • Seiceáil an phíbobair i do theach le cinntiú nach ndearnadh aon damáiste dó agus seiceáil an t-insliú thart ar an píopaí agus cuir insliú nua isteach más gá.
  • D’fhéadfadh gur éilíodh soláthair uisce nach bhfuil ar an bpríomhlíonra, ar nós sistéal nó toibreacha, agus níor cheart iad a úsáid go dtí gur tástáladh iad cúpla babhta le himeacht aimsire. Faigh comhairle ó shaineolaí.

Leictreachas

Seiceálfaidh leictreoir na comhchumair, soicéid asraoin, lasca soilse agus naisc sa tsíleáil le cinntiú nach bhfuil aon uisce iontu. Bíonn sreanga nua-aimseartha go breá tar éis tuile ghearr, ach má bhí do theach faoi uisce ar feadh níos mó ná cúpla uair an chloig, d’fhéadfadh go mbeadh ort sreanga nua a chur isteach ina n-áit.

Cuimhnigh ar na cáblaí a chur ar mhalairt treo le go dtiocfaidh siad anuas ón díon.

Séaraigh

  • Is annamh a dhéanann tuilte damáiste do dhraenacha agus séaraigh, ach d’fhéadfaí iad a bhlocáil agus go n-éireoidís tachta. Seiceáil ar tharla sé sin trí na leithris a shruthlú agus na sconnaí a chasadh ar siúl. Tuairiscigh aon bhacadh le hUisce Éireann a luaithe is féidir.
  • Más gá séaraigh a dheisiú, cuimhnigh ar ghairis a chuireann cosc ar uisce sreabhadh ar ais a chur isteach.
  • Má tá córas séarachais príobháideach agat, cinntigh nach ndearnadh aon damáiste dó a d’fhéadfadh an tsláinte a chur i mbaol. D’fhéadfadh ithreacha báite cur isteach ar an gcaoi a n-oibríonn an córas séarachais. Ná húsáid an córas go dtí go dtráfaidh an tuile.
  • Faigh seirbhís ar umair etc. a ndearnadh damáiste dóibh, agus iarr ar shaineolaí cigireacht a dhéanamh orthu a luaithe is féidir.

Gás

D’fhéadfadh uisce agus puiteach dul isteach i gcóras gáis i rith tuilte. Is féidir le conraitheoir cláraithe d’fhearais ar fad a sheiceáil, toisc go bhféadfaidís a bheith contúirteach, fiú má tá an chuma air go bhfuil siad ag obair mar is gnách.