Cookie Settings

TEACH A DHÉANAMH TUILE-DHÍONACH

Má tá cónaí ort in áit a bhíonn i mbaol tuilte, ba cheart duit a bheith réidh i gcónaí le haghaidh tuilte. Is fiú go mór plean a ullmhú faoin méid a dhéanfá i gcás tuile – d’fhéadfadh an plean sin go leor airgid, trioblóide agus struis a shábháil ort.

Málaí Gainimh

Is fiú i gcónaí málaí gainimh a bheith agat má chónaíonn tú i gceantar a bhíonn i mbaol tuilte. Mura bhfuil málaí gainimh agat, d’fhéadfá rud éigin ar nós clúdaigh piliúir nó málaí bruscar lán le hithir ón ngairdín a úsáid. Cuimhnigh nár cheart iad a líonadh róluath ná rófhada ón áit a dteastóidh siad mar go n-éiríonn siad an-trom, an-tapa.

  • Caith miotóga cosanta nuair atá málaí gainimh á líonadh mar go scríobann gainimh craiceann.
  • Ná líon na málaí níos mó ná leathlán. Ní gá na málaí a cheangal, níl le déanamh ach an béal a fhilleadh isteach faoin mála nuair atá siad á gcur ar bharr a chéile.
  • Bain aon smionagar ón áit a bheidh na málaí.
  • Cuir na málaí atá leathlán síos as ceann a chéile agus comhthreomhar leis an treo a rachaidh an t-uisce.
  • Cuir na málaí i sraitheanna ar nós balla brící, bí cinnte go bhfuil leath dhá mhála os cionn an mála faoina bhun.
  • Gread do chosa ar na málaí go láidir le bheith cinnte nach bhfuil aon bhearnaí eatarthu agus go bhfuil séala docht ann.
  • Má theastaíonn cosaint ó mhálaí gainimh atá níos airde ná trí shraith, tóg iad ar nós pirimide: tosaigh le bonn ceithre mhála ar leithead ar a laghad agus ansin tóg os a gcionn, ag éirí níos caoile i dtreo an uachtair.
  • Is féidir an balla málaí gainimh a dhéanamh níos uiscedhíonaí le brat plaisteach, agus bí cinnte é a dhaingniú le málaí gainimh breise ar an talamh.

Cé go n-úsáidtear málaí gainimh go minic chun cosaint ar thuilte, tá míbhuntáistí ag baint leo freisin:

  • I rith éigeandála, d’fhéadfadh go mbeadh sé deacair teacht ar a ndóthain málaí.
  • Teastaíonn beirt chun iad a líonadh agus tógann sé go leor ama.
  • Féadfaidh sé a bheith deacair iad a láimhseáil, go háirithe má tá tú sean nó i ndrochshláinte.
  • Má théann tuilte chomh fada leo, fanann ábhar salaithe ar nós séarachais iontu go minic.
  • Tá ábhar na málaí in-bhithmhillte agus d’fhéadfaidís titim as a chéile má fhágtar rófhada iad.
  • Níl málaí gainimh 100% uiscedhíonach agus seans go dteastódh bealach fós le huisce a bhaint taobh thiar díobh.

Cláir Tuile

Is bacainn inaistrithe iad cláir tuile (nó bacainní tuile) is féidir a chur trasna bearnaí, ar nós doirse, má tharlaíonn tuilte. Is féidir táirgí difriúla a dearadh go sonrach do thuilte a cheannach agus a fheistiú ar do theach. Má cheannaíonn tú cláir tuile, ba cheart duit táirge a chuardach a bhfuil marc dearbhaithe cáilíochta air.

D’fhéadfá féin cláir tuile a dhéanamh freisin, ach caithfear a chinntiú go bhfuil an bhacainn sách láidir agus go suíonn sé i gceart sa bhearna atá i gceist le go gcruthófar séala ceart.

Is é an bealach is éasca le clár tuile a dhéanamh ná bacainn adhmaid nó mhiotail a thógáil a fheistítear go cothrom de bhalla, doras nó trasna geataí nó cosán le fráma. Cabhróidh brú na tuile féin leis an mbacainn a shéalú. Braithfidh chomh héifeachtach agus atá na cláir ar neart na mballaí agus ar bhuanfas fheistithe an fhráma. Is é an cineál clár tuile is coitianta ceann a shleamhnaíonn síos isteach i bhfráma, mar gur féidir é a bhaint go héasca nuair nach dteastaíonn sé. Ach is féidir ceann a dhéanamh le hinsí freisin a dhúnann trasna ar aon bhearnaí. Tá sé tábhachtach go mbeadh clár tuile díreach ceart don bhearna. Má tá aon amhras ort, b’fhearr earraí a cheannach ó shaineolaithe.

Cumhdach

Is bealach maith é cumhdach chun éifeacht tuile a laghdú trí 600–900 mm (2–3 troithe) ag bun foirgnimh a chlúdach le brat plaisteach.

Bíonn trinse le cartadh os comhair an bhalla atá le cosaint. Ceanglaítear an brat plaisteach den bhalla os cionn an airde a cheaptar a shroichfidh an tuile. Tagann sé anuas an balla agus cuirtear os cionn píopa draenála é ag an mbun, sula dtéann sé tríd an trinse agus go ndaingnítear é ar an taobh eile le meáchain nó málaí gainimh. Teastaíonn féith an DIY chun foirgneamh a chumhdach mar seo agus caithfear tús a chur leis i bhfad sula dtagann aon tuile mar go bhfuil am ag teastáil. Más fearr leat, tá táirgí difriúla ar fáil le ceannach, agus is féidir iad a fheistiú ar do theach.

Is féidir le táirgí cosanta ar thuilte a bheith éifeachtach chun drochthionchar tuile ar fhoirgneamh a mhaolú.  Is féidir leo an damáiste a dhéantar d’earraí, troscán agus feistis i dteach nó gnó a laghdú, ach ní fheileann siad i gcónaí.  I gcás drochthuile (nuair a ardaíonn an tuile os cionn 1 mhéadar), d’fhéadfadh sé níos mó dochair a dhéanamh uisce a choinneáil taobh amuigh den fhoirgneamh ná é a scaoileadh isteach. D’fhéadfadh an méid sin uisce strus a chur ar an bhfoirgneamh agus damáiste a dhéanamh do struchtúr agus do bhunsraith an fhoirgnimh. Dá bhrí sin, níor cheart bacainní a chur ar dhoirse, fuinneoga ná gaothairí aeir atá níos airde ná 1 mhéadar.

Ba cheart d’úinéirí foirgneamh atá ag cuimhneamh ar cheann de na bealaí sin a úsáid comhairle a fháil ó shaineolaí atá cáilithe go cuí maidir le chomh hoiriúnach is a bheadh na bearta sin dá bhfoirgneamh féin agus cuimhneamh ar na riachtanais fhéideartha le haghaidh measúnú comhshaoil.

Geataí Tuile

Sleamhnaíonn siad seo os cionn bealaí isteach, ar nós cabhsaí agus doirse, le nach féidir leis an tuile teacht isteach.

Clúdaigh do Ghaothairí Aeir

Caithfear gaothairí aeir nó aerbhrící a shéalú má tá an teach i mbaol tuilte. Tá clúdaigh shealadacha éagsúla ar fáil chun na bearnaí sin a shéalú.

Bacainní

Bíonn cruthanna agus méideanna difriúla i gceist leo seo, agus is féidir iad a úsáid chun tuile a choinneáil amach.