Cookie Settings

EOLAS FAOI THUILTE

Tá tuilte ar cheann de na fórsaí nádúrtha is mó scrios. Bhí tuilte de shaghas éigin i ngach contae in Éirinn, i ndiaidh bháisteach an earraigh, drochstoirmeacha toirní nó nuair a tháinig coscairt an earraigh. Ní féidir iad a thuar i gcónaí agus d’fhéadfaidís daoine a mharú.

Seo roinnt eolais a léiríonn chomh contúirteach is a bhíonn tuile:

 

  • D’fhéadfadh 300 mm d’uisce a bhfuil sruth sciobtha ann gach carr nach mór a bhrú den bhóthar.
  • Ní theastaíonn ach 150 mm d’uisce a bhfuil sruth sciobtha ann chun thú a leagan go talamh.
  • Tuarann eolaithe go mbeidh tuilte ann níos minice amach anseo mar gheall ar athrú aeráide.
  • Maraítear 66% díobh siúd a fhaigheann bás i rith tuilte i bhfeithiclí, agus tarlaíonn sé go hiondúil nuair a dhéanann tiománaí botún tromchúiseach amháin agus iarracht a dhéanamh tiomáint trí thuile.
  • Tá tuilte ar an tubaiste nádúrtha is coitianta agus is forleithne.
  • Déanann uisce an oiread sin damáiste d’aon trian de na bóithre agus droichid faoi uisce nach bhfuil ach seans 50% ag feithicil ar bith iad a thrasnú go sábháilte.
  • Bogann tuilte tapa go leor le bolláin a bhogadh, crainn a leagan go talamh agus droichid a scriosadh – próiseas ar a dtugtar sciúradh.

 

 

  • Bíonn uisce i dtuilte salaithe go minic mar gheall ar dhraenacha atá ag cur thar maoil, ainmhithe marbha agus bruscar.
  • Is féidir le sruthanna leictreachais sreabhadh tríd an uisce ó línte cumhachtaí agus cáblaí a leagadh.
  • Bíonn tuilte in ann clúdaigh dúnphoill agus draenacha a bhogadh, rud a chruthaíonn dainséar nach bhfuil le feiceáil.
  • Toisc go ndíláithríonn uisce meáchain coirp, dá dhoimhne an duine san uisce, is é is lú meáchan atá ann, mar sin bíonn sé níos deacra air fanacht ina sheasamh.