Cookie Settings

TUILTE AGUS ÚINÉIRÍ GNÓ

Má tá do ghnó i gceantar a bhíonn i mbaol tuilte, ba cheart go mbeadh plean tuilte i bhfeidhm agat. Bí cinnte go bhfuil a fhios ag an bhfoireann ar fad a bhfuil le déanamh má tharlaíonn tuile.

Bí Ullamh

  • Polasaithe árachais – an bhfuil árachas agat le haghaidh damáiste tuilte, cur isteach ar ghnó agus ioncam caillte?
  • Déan liosta d’uimhreacha tábhachtacha fóin, agus bíodh teagmhálacha do sholáthraithe gáis, leictreachais, uisce agus fóin ina measc.
  • Déan liosta de shonraí teagmhála na bhfostaithe ar fhaitíos go mbeadh daoine le haslonnú. D’fhéadfadh go mbeadh uimhreacha fón póca ansin, nó uimhir dá n-áit chónaithe nó áit chónaithe duine muinteartha nó carad leo.
  • Cuimhnigh ar chomhaltaí foirne a dteastódh cúnamh faoi leith leo i rith tuile (e.g. daoine níos sine nó daoine faoi mhíchumas).
  • Bíodh plean tuilte mar chuid de do phlean sláinte agus sábháilteachta. Cuir na bealaí éalaithe ar súile na foirne. Eagraigh cleachtadh éigeandála (mar a dhéantar le cleachtadh dóiteáin).
  • Bíodh a fhios agat cá múchtar an gás, an leictreachas agus an t-uisce. Ba cheart iad sin a mharcáil ar léarscáil a choinnítear le do phlean tuilte más féidir ar chor ar bith.
  • Bíodh a fhios agat cá bhfuil ceimiceáin, olaí nó ábhar eile a d’fhéadfadh a bheith contúirteach nó uisce tuile a éilliú. Ba cheart iad sin a stóráil in áit shábháilte i gcás tuilte nó guaiseacha eile.

Gníomhartha Cosanta

  • Tabhair faoi deara aon stoc, trealamh nó earraí tábhachtacha a dteastódh cosaint speisialta uathu ar thuilte. Cuimhnigh ar chúltaca do chórais TF.
  • Cuimhnigh ar an rudaí a theastódh i rith nó i ndiaidh tuile (e.g. málaí gainimh, brait phlaisteacha, callaire, etc.).
  • Breathnaigh an féidir oibríochtaí tábhachtacha, ar nós seachadadh agus fáil earraí nó seirbhísí do chustaiméirí, a bhogadh go foirgneamh eile.

Soláthraithe agus Naisc Sheachtracha

  • Sainaithin na táirgí agus seirbhísí a theastóidh i gcás tuilte. Déan pleananna cúltaca nó socruithe más gá seachadadh a chur ar ceal gan mórán fógra.
  • Cuimhnigh ar chonradh a shocrú roimh ré le cuideachtaí a d’fhéadfadh cabhrú leat i ndiaidh tuile. Seachnaíonn sé sin an frustrachas a bhaineann le cúnamh a aimsiú i rith éigeandála, agus beidh tú in ann costas níos fearr a shocrú gan an brú sin.
  • Sainaithin na daoine a d’fhéadfadh cabhrú leat roimh thuile, lena linn nó ina diaidh.