Cookie Settings

DO THEACH A ATHCHÓIRIÚ – TRIOMÚ

Is í aerchúrsaíocht an bealach is fearr le teach a thriomú agus an t-aer istigh a ghlanadh. Bíodh foighne ort agus cinntigh go bhfuil an teach go hiomlán tirim sula mbogann tú isteach arís.

Ná déan dearmad

  • Oscail na doirse agus fuinneoga chun an teach a aeráil.
  • Cinntigh go bhfuil an teach sábháilte.
  • Bain aon bhac atá ar aerbhrící agus gaothairí.
  • Nigh do chuid lámh le díghalrán má théann uisce orthu.
  • Seiceáil an ndearnadh aon dochar do struchtúr na mballaí seachtracha agus an dín sula dtéann tú isteach sa teach.
  • Ná déan iarracht aon seirbhísí a chur ar siúl go dtí go seiceálann saineolaí iad.
  • Ná hith aon bhia a ndeachaigh uisce ón tuile in aice leis.
  • Ná déan iarracht aon rud trom nó nach bhfuil socair a bhogadh leat féin – iarr cúnamh ar dhuine éigin.

 

Ná déan dearmad ar an tslándáil

Tharla sé cheana gur goideadh rudaí as tithe agus siopaí i ndiaidh tuilte, agus cé go bhfuil sé tábhachtach do theach a aeráil, caithfear a bheith aireach ar chúrsaí slándála freisin. Ná déan dearmad go bhféadfadh gur chuir an t-uisce isteach ar aláraim bhuirgléireachta agus go mb’fhéidir nach n-oibríonn siad.

Ná fág doirse agus fuinneoga seachtracha oscailte mura bhfuil aon duine sa teach, agus cinntigh go bhfuil glas ar gach rud i gceart nuair a fhágann tú. Más gá, cuir líontán slándála os cionn aon fhuinneoga oscailte nó briste.

 

Triomaigh an teach

  • Féadfaidh tú ligean don teach triomú go nádúrtha, ach d’fhéadfadh go mbeadh cúpla mí i gceist leis sin. Is féidir dlús a chur leis an bpróiseas triomaithe le nach mbeidh tú ag fanacht ach cúpla seachtain. Cibé bealach a chinneann tú do theach a thriomú, bí cinnte go mbaintear an taise atá i bhfostú i struchtúr an tí. Uaireanta beidh na ballaí tirim ar an taobh amuigh, ach beidh a dtaobh istigh fós tais. Má tá amhras ar bith ort, iarr ar shaineolaí breathnú ar an teach le bheith cinnte go bhfuil sé go hiomlán tirim.
  • I ngach cás, dá luaithe a thosaítear ar an bpróiseas triomaithe, is é is fearr é – is iad an chéad 48 uair an chloig i ndiaidh tuile is tábhachtaí.
  • Má thástáil saineolaí do chóras teasa agus má deimhníodh go bhfuil sé sábháilte le húsáid, is féidir é a chasadh ar siúl le cabhrú leis an teach a thriomú. Coinnigh an teocht ag thart ar 20 go 22°C. Ba cheart teocht ró-ard a sheachaint mar go bhféadfadh an obair phlástar scoilteadh etc. má théitear an áit róthapa.
  • Ní thriomóidh teocht amháin do theach. Caithfear cuimhneamh ar aerchúrsaíocht agus bogthaise chomh maith.
  • Tá aeráil mhaith riachtanach, mar sin coinnigh na fuinneoga agus na doirse ar oscailt má tá an aimsir go maith agus ar leathoscailt má tá sé fliuch.
  • Má tá díthaisire in úsáid agat, coinnigh na doirse agus fuinneoga seachtracha dúnta, go háirithe i rith aimsir fhliuch.