Cookie Settings

DO THEACH A ATHCHÓIRIÚ – GLANADH

Bíonn go leor i gceist le do theach a ghlanadh i ndiaidh tuile, ach má chloíonn tú leis na treoirlínte thíos, beidh tú in ann an obair a chur i gcrích go sábháilte agus go héifeachtúil.

Riachtanach

  • Cinntigh go bhfuil an gás, an leictreachas agus aon sconnaí breosla casta as.
  • Is féidir leictreachas sealadach a fháil ar cíos, ach teastaíonn dóthain aerála, toisc go bhféadfadh gineadóirí aonocsaíd charbóin a scaoileadh. Lig don inneall fuarú sula gcuireann tú tuilleadh breosla ann.
  • Bí cinnte go bhfuil aon fhearais a úsáideann gás dínasctha.
  • Deisigh an díon go sealadach má rinneadh damáiste dó. Is clúdach sealadach maith é tarpól.

Sula dTosaíonn Tú

Sula dtosaíonn tú ag glanadh an tí, bí cinnte go bhfuil an trealamh ar fad a theastaíonn uait agat. Áirítear leo sin:

  • Ceamara chun taifead a dhéanamh ar an damáiste a rinne an tuile.
  • Uirlisí bunúsacha, ina measc casúr, tairní, scriúire agus castairí.
  • Scuaba urláir, mapaí, scuaba sciúrtha agus buicéid.
  • Glantach agus díghalrán tí.
  • Buataisí agus miotóga rubair agus éadaí cosanta.
  • Sluaistí.
  • Téitheoirí, feananna agus díthaisire má tá ceann ar fáil.
  • Málaí bruscair láidre.

Puiteach a Bhaint

  • Úsáid sluaistí chun fáil réidh leis an oiread puitigh agus is féidir agus úsáid píobán chun an chuid eile a ghlanadh amach as an teach.
  • Má tá puiteach taobh istigh agus taobh amuigh de na ballaí, bain é de réir a chéile le go mbeidh an t-ualach céanna ar na ballaí lasmuigh agus laistigh.
  • Níor cheart píobán ardbhrú a úsáid chun puiteach a bhaint den teach.

Uisce Bodhar a Bhaint

  • D’fhéadfadh an tseirbhís dóiteáin seirbhís pumpála a chur ar fáil, ar tháille seans, nó d’fhéadfá pumpa a fháil ar cíos ó shiopa crua-earraí. Sin nó d’fhéadfá cuideachta a phléann go sonrach le damáiste uisce a fhostú chun an t-uisce a phumpáil amach duit.
  • Bain an t-uisce amach de réir a chéile le nach ndéanfaidh an brú uisce aon dochar do struchtúr an tí.
  • Ná téigh an teach go níos mó ná 4°C go dtí go mbaintear an t-uisce bodhar ar fad.

 

Glanadh agus Díghalrú

  • Sciúr na dromchlaí le huisce te gallúnaí agus le glantach láidir.
  • Ba cheart earraí ar nós bogfheisteas tí, éadaí agus bia a raibh an t-uisce in aice leo a chur i málaí bruscair (atá ceangailte go maith) agus a chaitheamh amach.
  • Gach seans go mbeidh ort scipe bruscair a fháil ar cíos mar gheall ar an mbruscar ar fad a bheidh le baint as an teach. Má tá éileamh árachais le déanamh agat, ná caith aon rud amach go dtí go ndeir an chuideachta árachais leat gur féidir sin a dhéanamh. Más gá, tóg grianghraf de na hearraí sula gcaitheann tú amach iad.
  • Caithfear aon dromchla ar a réitítear bia a ghlanadh go hiomlán agus a dhíghalrú.
  • Lig do na dromchlaí ar fad a ghlan tú triomú go hiomlán mar go bhfuil roinnt frídíní a fhásann go maith i suíomhanna fliucha.